Fáilte! Gabhann an suíomh seo leis an leabhar Fuaimeanna na Gaeilge. Cúrsa tosaigh foghraíochta agus fóineolaíochta atá sa leabhar. Tá cur síos ann ar na consain agus ar na gutaí i dtrí chanúint: Gaeilge Ghaoth Dobhair, Gaeilge na Ceathrún Rua agus Gaeilge Chorca Dhuibhne. Ar an suíomh seo tá catalóg na bhfuaimeanna agus na dtaifead samplach mar thaca do lucht léite an leabhair. Breis eolais »
Is iad Áine Ní Bhreisleáin, Dara Ó Cinnéide agus Maolra Mac Donnchadha na cainteoirí a gcloistear a nguth ar an suíomh seo. Breis eolais faoi na cainteoirí »