Fuaimeanna na Gaeilge

Leabhar mar gheall ar fhuaimeanna na Gaeilge is ea Fuaimeanna na Gaeilge. Tá an Ghaeilge spéisiúil ó thaobh cúrsaí fuaimeanna de. Ceann de na rudaí is spéisiúla ná an líon ard consan atá sa teanga i gcomparáid le teangacha eile. Déanfar cur síos ar an ngné seo, agus ar ghnéithe eile i gcaibidlí an leabhair.

Cúrsa tosaigh san fhoghraíocht, san fhóineolaíocht, agus i bhfuaimeanna na Gaeilge atá sa leabhar seo. Ó thaobh na foghraíochta de, réimse (teang)eolaíochta a chuimsíonn staidéar ar fhuaimeanna na hurlabhra, clúdaítear gnéithe den fhoghraíocht urlabhraíochta amháin, is é sin an chuid sin den fhoghraíocht a bhaineann le cruthú fuaimeanna urlabhra. Go príomha, léirítear an chaoi a ndéantar cur síos ar chonsain agus ar ghutaí ó thaobh na foghraíochta de, agus déantar é seo i gcomhthéacs chonsain agus ghutaí na Gaeilge.

Ó thaobh na fóineolaíochta de, réimse teangeolaíochta a chuimsíonn staidéar ar chórais fuaimeanna teangacha, dírítear ar fhoréimse na fóinéimníochta, is é sin, an chuid sin den fhóineolaíocht a bhaineann leis an bhfóinéim, an t-aonad is lú i dteanga as a gcruthaítear contrárthachtaí brí idir focail na teanga. Go príomha, tugtar léargas ar an bhfóinéimníocht trí dhíriú ar an tras‑scríobh foghraíochta (tras‑scríobh ar fhuaimeanna urlabhra) agus ar an tras‑scríobh fóinéimeach (tras‑scríobh ar fhuaimeanna teangacha). Arís, is i gcomhthéacs na Gaeilge a chuirtear na teicnící tras-scríofa i láthair.

Socraíodh eagrán nua den saothar seo a fhoilsiú chun aiseolas fónta ó léitheoirí a chur i bhfeidhm ar an téacs. Tapaíodh an den na cleachtaí a fhorbairt freisin agus cuireadh tuilleadh iontrálacha leis an nGluais ag deireadh an leabhair.

Údar an leabhair

Léachtóir é an Dr Brian Ó Raghallaigh in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil bainistiú agus forbairt theicniúil na dtionscadal ainm.ie, dúchas.ie, focal.ie agus logainm.ie faoina chúram aige. Roimhe sin, bhí sé ag obair ar thionscadal sintéise Gaeilge abair.ie i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Sa ríomheolaíocht, sa teangeolaíocht agus sa Ghaeilge atá a chúlra. Foinéimiú ilchanúnach don Ghaeilge ab ea ábhar a thráchtais Ph.D. i gColáiste na Tríonóide.

Sonraí

Fuaimeanna na Gaeilge, an dara heagrán
Brian Ó Raghallaigh
170 leathanach
Cois Life 2014
ISBN 9781307434543
Ceannaigh »

Nóta. Cé go bhfuil an suíomh seo dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla, tá an leabhar féin i nGaeilge amháin.